Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Releases > Call for Irish Dancers, Musicians and Choirs

16/02/18 Call for Irish Dancers, Musicians and Choirs

Pan Celtic

Ag glaoch ar Dhamhsóirí, ar Cheoltóirí agus ar Chóracha na hÉireann

le páirt a ghlacadh i gComórtais Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2018

 

 

Tá Coiste Pan Cheilteach na hÉireann sa tóir ar ealaíontóirí traidisiúnta chun an fód a sheasamh d’Éirinn ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2018.Reachtálfar comórtais fidle, cruite, ceol beirte, córacha agus damhsa idir na tíortha Ceilteacha le linn na féile, a bheidh ar siúl i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ón 3-8 Aibreán 2018. 

 

“Is deis iontach iad na comórtais chun blaiseadh agus léargas a fháil ar chultúr na dtíortha Ceilteacha eile. Chomh maith leis sin, tugann sé ardán nua cruthaitheach d’ealaíontóirí na hÉireann”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Idirnáisiúnta Pan Cheilteach.  “D’éirigh go maith leis na hÉireannaigh sna comórtais thar na mblianta, go háirithe san amhránaíocht traidisiúnta agus san amhránaíocht nuachumtha,” a dúirt sí, “agus i mbliana ba mhaith linn ár marc a dhéanamh sna comórtais ceoil, damhsa agus córacha chun ár gcultúr saibhir a chur chun cinn i measc ár gcairde Ceilteacha”, a dúirt sí.

 

Ar chlár na féile beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl do cheoltóirí, amhránaithe, cumadóirí, damhsóirí, córacha, filí agus scéalaithe. Beidh léachtaí, coirmeacha ceoil agus, ár ndóigh, na comórtais éagsúla. 

 

Is é an spriocdháta le cur isteach ar na comórtais ná, 1 Márta 2018. Is féidir foirm iontrála a fháil ar líne ag http://www.panceltic.ie/ agus é a sheoladh chuig [email protected] nó é a sheoladh chuig: Comórtais Pan Cheilteach, Oireachtas na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais:

Louise Ní Dháibhéid                   T: 01 4753857                   R: [email protected]

Gearóid Ó Maonaigh                 T:087 2389303

Máire Ní Fhearraigh                                                     R: [email protected]  

 

 

 

Call for Irish Dancers,  Musicians and Choirs to participate in the International Pan Celtic Festival Competitions 2018

 

 

The Irish Pan Celtic committee is seeking Irish traditional artists to represent Ireland during The International Pan Celtic Festival which will be held in Letterkenny, Co. Donegal from 3-8 April 2018. A wide range of competitions were announced recently including fiddle, harp, duet, choral and dance. 

 

“The Pan Celtic competitions give a great insight into the culture of the other Celtic Nations, as well as providing a new creative platform for Irish traditional performing artists”, said Máirín Nic Dhonnchadha, CEO of the International Pan Celtic Council. “Irish artists have performed well in the competitions over the years, particularly in the singing competitions.  This year we would like to see similar success in the dancing, instrumental and choral competitions and promote the wonderful rich heritage and culture of Ireland amongst our Celtic friends,” she said.

 

The festival programme will provide an array of events for musicians, singers, composers, dancers, choirs, poets and storytellers. 

 

Closing date for entries is the 1 March 2018. Entry forms are available at http://www.panceltic.ie/ and can be sent via email to [email protected] or by post to: Comórtais Pan Cheilteach, Oireachtas na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

 

More Information:

Louise Ní Dháibhéid                   T: 01 4753857                   E: [email protected]

Gearóid Ó Maonaigh                 T:087 2389303

Máire Ní Fhearraigh                                                    E: [email protected]  

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO